Julian de Spáinn, fear atá ina cheannaire éifeachtach do 'phobal na Gaeilge', ach cá bhfuil ceannairí 'phobal na Gaeltachta'? |
Nuair a ceistíodh cúntóirí Bill Clinton i dtaobh an rud ba thábhachtaí agus é ag dul do thoghachán na hUachtarántachta i 1992 ba mhinic leo an ráiteas seo a dhéanamh: 'it's the economy, stupid'. Is féidir freagra mar é a thabhairt i dtaobh cás na Gaeilge: 'it's the Gaeltacht, stupid'.
I gcur chun cinn na Gaeilge go náisiúnta tá seans ann go bhfuil neamháird á dhéanamh ar phobal na Gaeltachta traidisiúnta, rud atá baolach do thodhcaí na teanga.
Ní theastaíonn ón mblag seo deighilt a chruthú idir 'Ghaeilgeoir Bhleá Cliath' agus 'Ghaeilgeoir Ros Muc' - ach is fiú áird a tharraingt ar roinnt pointí tábhachtacha, dar liom, ar mhaitheas le todhchaí na Gaeltachta traidisiúnta, agus todhchaí na Gaeilge dá réir.
Ar dtús báire: má fhaigheann an Ghaeilge bás sna pobail Gaeltachta traidisiúnta ní bheidh fágtha ach dídeanaí teanga. Ní mhairfidh sí i bhfad ina dhiaidh sin mar theanga phobail in aon áit agus beidh sé thar a bheith deacair argóint a dhéanamh ar a son nuair a bheas airgead á lorg ó rialtais éagsúla chun tacú léi.
Tá ceannaireacht láidir á léiriú ag léithidí Julian de Spáinn ó Chonradh na Gaeilge do phobal na Gaeilge leasmuigh den Ghaeltacht ach ní móide go bhfuil an cinéal céanna ceannaireachta de dhíth ó mhuintir na Gaeltachta féin. Déanann Seachtain na Gaeilge an t-uafás chun cás na teanga a chur faoi bhráid na tíre ar fad, ach an féidir a rá go bhfuil an tábhacht céanna ag baint le Seachtain na Gaeilge i gceantar ina labhartar í chuile lá?
Nuair a chloistear argóint na Gaeilge ins na meáin is beag cainte a dhéantar faoi chás na Gaeltachta féin. Cé go bhfuil maolú ag teacht ar an nGaeltacht is fiú a rá go bhfuil sí ann, go bhfuil sí suantasach fós agus go bhfuil géarghá lena coinneáil beo. Cé go bhfuil an argóint seo gaolta le h-argóint na Gaeilge leasmuigh den Ghaeltacht is argóint éagsúil fós é.
Mar shampla, an raibh aon duine ón nGaeltacht ar Primetime an lá cheanna (seachas an Aire) nuair a déanadh ceist na teanga a phléigh? Nó ar ardaíodh ceist na Gaeltachta sa díospóireacht ina dhiaidh sin?
Ach céard a theastaíonn ó mhuintir na Gaeltachta?
Molaim na pleaineanna seo a chur in áit:
1. Pleain shóisialta.
2. Pleain margaíochta.
3. Pleain gnó.
4. Pleain turasóireachta.
Ar ndóigh tá Údarás na Gaeltachta in áit ach táimse ag tagairt do ghluaiseacht cosmhuintireach.
Thar aon rud eile, molaim go ndéanfaí urlabhraíocht don Ghaeltacht a bheas neamhspléach ar 'cheist na Gaeilge' agus a dhíreoidh ar cheist 'na Gaeltachta'. Molaim gur chóir go mbeadh clár riachtannais ag an nGaeltacht a bheadh éagsúil, ach a chuirfeadh le riachtannaisí léithidí Chonradh na Gaeilge.
No comments:
Post a Comment