Thursday 7 March 2013

B'é structúr na Gaeilge is cúis lenár mbochtanas? B'fhéidir é, más fíor do Keith Chen!

An eacnamaí Keith Chen a rinne staidéar ar struchtúir teanga agus iompraíocht an duine.
Éist le Keith é féin:
http://www.ted.com/talks/keith_chen_could_your_language_affect_your_ability_to_save_money.html

Deá-nuacht dóibh siúd a bhíonn ag strachailt le cúrsaí gramadaí:  cuir deireadh leis an 'aimsir fháistineach' agus sábháilfidh tú airgead!  Seo dar leis an eacnamaí Keith Chen atá théis staidéar a dhéanamh ar thíortha a labhraíonn teangacha a bhaineann úsáid as an aimsir fháistineach, agus tíortha a labhraíonn teangacha nach mbaineann!  
Mar shampla:  i nGaeilge deirtear 'beidh sé ag cur báistí amárach', ach i Sínis deirtear 'amárach tá báisteach'.  Dar le Chen scarann lucht labhartha na Gaeilge (níor labhair sé ar Ghaeilge go sonrach ach ar theangacha ar nós í) iad féin ón rud atá le tarlú amach anseo agus téann an nósmhaireacht cainte seo i bhfeidhm ar an gcinéal iompair a bhíonn againn.  Ní hé an choigiltis amháin atá i gceist ach oiread dar le Chen - caitear níos mó tabac, faigheann daoine níos raimhre, óltar níos mó alcól agus déantar níos mó drugaí a thógáil i dtíortha a labhraíonn teangacha a bhaineann úsáid as an aimsir fháistineach!
Bíodh seo ina sheafóid nó ná bíodh tá Chen, fear a bhfuil cliú air mar eacnamaí iompraíochta (behavioural economist) sna Stáit Aontaithe, théis data an-suimiúil a fháil a deir go bhfuil a chuid cainte fíor!  Is cosúil go bhfuil na tíortha a labhraíonn teangacha gan aimsir fháistineach - léithidí na Gearmáine agus na Síne in ann suas le 30% níos mó coigiltis a dhéanamh!  Ní h-amháin sin, ach d'éirigh leis staidéar a dhéanamh ar thíortha ina labhartar dhá theanga, ceann leis an aimsir fháistineach agus ceann gan é (ar nós an Bheilg) agus, arís, cuireann na staitisticí lena argóint!
Mar sin, arbh fhiú dúinn deireadh a chur leis an aimsir fháistineach?  Ar ndóigh ní féidir é seo a dhéanamh, ach tá cleas le foghlaim ag lucht gnó na Gaeilge agus lucht gnó an Bhéarla as seo uilig...is fada ráite ag lucht an Bhéarla é gur chóir 'will' a fhágáil as abairtí margaíochta,  is lú éifeachta a bhíonn ag an abairt:  'at this seminar you will learn how to...' ná mar a bhíonn ag an abairt:  'at this seminar you learn how to...'
I nGaeilge bheadh níos mó éifeacht ag an aimsir gnáth láithreach... mar shampla, athraigh:   
'ag an seiminear seo foghlaimeoidh tú...'
 go dtí:  
'ag an seimineár seo foghlaimíonn tú chun...'

http://www.ted.com/talks/keith_chen_could_your_language_affect_your_ability_to_save_money.html

No comments:

Post a Comment