Wednesday 6 March 2013

Cé a cheannach nuachtán?

Tá sé fógartha inniu go bhfuil réiteach chasta déanta ag an dream a bhí taobh thiar den Examiner agus roinnt foilsiúcháin eile (an Evening Echo ina measc) chun na nuachtáin sin a shábháilt ón mbás.  De réir mar a chloisim is ag snámh in aghaidh an easa a bheas siad, mar tá ré an pháipéir ag teacht chun críche dar leis an t-saol mhór.  Ní hé sin le rá go bhfuil deireadh go deo le foilsiúcháin nuachtáin, ach ní dóigh go mairfidh an fichiú cuid sa deich mbliana atá amach romhainn.
Le gairid chonaic muid gur chuir Foras na Gaeilge an scian le Gaelscéal fiú ag rá go bhfuil nósmhaireacht na nGael théis a dhul i dtreo na h-idirlíne go h-iomlán cheana féin.  Meastú?  
Tá an chuma ar rudaí anois go bhfuil an idirlíon chéanna ag déanamh scrios.  Ní h-amháin go bhfuil gnó an cheoil milte aige ach tá sé anois ag díriú ar na páipéir nuachta!  Agus cé a cheannach nuachtán sa lá atá inniu ann nuair atá an t-eolas ar fad le fáil go saor in aisce ar do ghuthán.  Ní h-amháin sin, ach é le fáil suas chun dáta freisin! 
Bhuel, tá cúpla duine fós ann a cheannach nuachtán... seo leanas an cinéal duine a chuirfeadh lámh ina bpóca chun páipéar a cheannach:

1.  Duine gan iphone.
2.  Duine gan ipad.
3.  Duine thar aois 35.
4.  Duine a bhfuil píosa faoi féin sa nuachtán.
5.  Duine a bhfuil pictiúr dá mhac nó iníon sa nuachtán.
6.  Duine atá ag dul ar thuras traenach, ar eitealán nó ar bhád.
7.  Duine atá ag iarraidh am a chaitheamh chun píosa maith léitheoireachta a dhéanamh.

Ar deireadh thiar, ní théann caifé agus ipad chomh maith céanna le chéile.  
Cé a cheannach nuachtán?  

Mise, aon uair go mbíonn uair le spáireáil agam!







No comments:

Post a Comment