Wednesday 1 May 2013

Áird le díriú ar réabhlóid Inis Oirr.

Tá Áras Éanna ag reachtáil a gclár ealaíne i mbliana i gcuimhne laoch scannánaíochta a bhásaigh níos luaithe sa bhliain, Éamon de Buitléar.

Cé cheapfadh go mbeadh carraig bheag amuigh i lár an Atlantaigh, áit nach bhfuil ach 300 duine ina gcónaí, in ann cuid de na réalta is mó in Éirinn a mhealladh?  
Le blianta beaga anuas tá ceoltóirí ar nós Declan O'Rourke, Damien Dempsey, Brian Kennedy, agus Martin Hayes ag triall ar an oileán aoibhinn seo, maraon le taispeántais ealaíne agus grianghrafadóireachta ó Bill Doyle, Leabharlann na hÉireann, Charles Lamb, agus Seán Ó Flaithearta.  Is féidir drámaí den scoth a fheiceáil i mBéarla agus i nGaeilge, taispeántais oidhreachta ó mhuintir na h-áite, agus fiú féilte ar nós Féile na mbodhrán - Craiceann, a bhíonn ar siúl chuile bhliain.
Léiriú is ea an obair atá á dhéanamh ag Mairéad agus Danny amuigh san ionad ealaíne, Áras Éanna, gur féidir le h-áit bheag spiorad faoi leith a chruthú ach an dearcadh agus an uallmhian a bheith ceart.  
S'én trua nach dtógfadh ceantair Ghaeltachta eile nod ón obair seo.  Cuireann ionad ealaíne dá léithid go mór le saol agus le spiorad an cheantair - cruthaíonn sé féinmhuinín i measc an phobail agus tugann sé deis do mhuintir na h-áite, idir óg agus sean, a bheith rannpháirteach sna h-ealaíona.  
Tá clár na bliana seo á reachtáil i gcuimhne Éamoin de Buitléar, a bhásaigh níos luaithe i mbliana.  Fear ionspráidiúil ab ea Éamoin, scannánaí, ceoltóir, bailitheoir scéil agus seanchaí - ní aon iontas go bhfuil lucht na réabhlóide ealaíne in Inis Oirr ag tipeáil an chaipín ina threo.  

Deirtear liom go mbeidh Mary Kennedy, as Nationwide, ag seoladh cláir an Árais go h-oifigiúil Dé hAoine seo ag 8in. Go n-éirí leo...  www.araseanna.ie 

1 comment:

  1. The elections for the European Parliament will take place between May 22nd and 25th. And I’d like to know your point of view about this topic. Could you leave a short thought? I am going to make the same question to all my blogger friends who live in the EU.

    This the link whre you can find the post:

    http://giorgiorusso2.blogspot.it/

    Thanks in advance,

    Giorgio

    ReplyDelete