Thursday 4 April 2013

An Cultúr Neamh Bhuíoch - IRFU & Kidney.

Declan Kidney, a briseadh as a phost gan fiú buíochas a ghlacadh leis.


Shocraigh an IRFU Declan Kidney a bhriseadh as a phost arú inné, agus más rud é gur ghlacadar buíochas leis as ucht an méid a rinne sé don eagraíocht sin le roinnt blianta anuas níor déanadh trácht ná tuairisc ar an mbuíochas sin sna meáin.
In áit a bheith buíoch is ea go raibh an IRFU muiníneach go bhfaighidís ‘top class coach’ agus go deimhin d’admhaigh siad go raibh an próiséas tosaithe acu le tamaillín anuas go ‘rúnda’.  Nach iontach an dream iad.
Is fiú dhá rud a luaigh go sonrach:  1)  is é Declan Kidney an chéad chóitseálaí ó 1948 a thug ‘Grand Slam’ go h-Éireann agus 2) fear mánla múinte a bhí ariamh i Kidney (mar a deir an sean amhrán fadó). 
Ar ndóigh tá seans ann gur ghlacadar buíochas leis an bhfear i ráiteas éicínt i rith an lae, ach nar thagair na meáin de seo ar chor ar bith.  Dá mba rud é gur glac, cé ar a bhfuil an locht gur fágadh an ‘buíochas’ ar lár sna tuairiscí – na meáin nár thagair de, nó ar an eagraíocht a shocraigh ar theachtaireachtaí éagsúla a chur amach in aon lá amháin.  I mo thuairimse, níor chóir ach teachtaireacht amháin a bheith curtha amach ar an lá úd:  ‘tá deireadh le conradh Declan Kidney agus tá muid ag iarraidh ár mbuíochas a chur in iúl dó – fágfar gach ráiteas eile go lá eile.’
Cén fáth go bhfuil an t-ábhar seo ag dó na geirbe dhom?  Mar gheall ar go bhfuil cultúr á chothú sa tír seo le blianta beaga anuas atá suarach agus ag sodar i ndiaidh na n-uaisle.  Cultúr é seo a bheartaíonn go bhfuil laigeacht éigin i gceist le buíochas a ghlacadh le duine (bainisteoirí spóirte go minic!) nuair a thagann críoch lena c(h)uid ama i gceannas.  Sa gcás áirithe seo theastaigh ón IRFU léiriú go raibh an oiread dúil acu i rath na foirne, agus an oiread ‘gairmiúlachta’ san eagraíocht, gur bheag leo fear a sheoladh go Siberia gan fiú slán a fhágáil leis.
Tá samplaí le tabhairt don aos óg pé uair go bhfuil cúrsaí spóirte i gceist.  Ariamh anall thug Kidney deá-shampla an chúraim:  ní raibh sé ró-bhuartha nuair a chaill a fhoireann, agus ní raibh sé ariamh ró-thógtha leis féin nuair a bhuaigh a fhoireann.  Bhí sé cneasta, macánta agus múinte uair ar bith go raibh sé ag pléigh leis na meáin.  Bhí a chuid laigeachtaí aige gan amhras ach is mór an méid atá bainte amach aige más ann do na laigeachtaí féin.
Ar an lámh eile thug an IRFU sampla an t-suarachais don aos óg leis an gcaoi gur caitheadh le Kidney ag a dheireadh.  ‘Top class coach…’ beidh jab acu duine níos fearr a aimsiú.

No comments:

Post a Comment